Toghcháin an Aontais Eorpaigh - súil chun tosaigh

Toghcháin an Aontais Eorpaigh - súil chun tosaigh

Deich n-iarrathóirí ó dheich bpáirtí polaitiúla éagsúla a bhéas san iomaíocht do thrí suíochán san Aontas Eorpach i gceann trí lá.

Is iad Martina Anderson, Sinn Féin, Diane Dodds, DUP agus Jim Nicholson, UUP Feisirí reatha an tuaiscirt agus táthar mar rogha na coitianta leis an bheart a dhéanamh Déardaoin.

Le scoilt na bpáirtithe Aontachtach agus fóras na bpáirtithe úra, measann tráchtairí áirithe go bhféadfadh leis an SDLPTUV an tríú suíocháin a thógáil ón UUP.

An mbeidh athrú ann i ndeireadh na dála? D’fhiosraigh Meon Eile an scéil leis an iriseoir, Ian Malcolm agus le heagarthóir An tUltach, Ciarán Ó Pronntaigh.

Aontas Eorpach

Tugadh cuireadh do Mheon Eile roinnt laethanta a chaitheamh i bParlimiant na hEorpa sa Fhrainc i mí Márta.

Le linn na cuairte, labhair muid le beirt Fheisire -Seán Kelly, Fine Gael agus Pat ‘the Cope’ Gallagher, Fianna Fáil faoin saol polaitiúil san Eoraip, faoi institiúidí an Aontais agus faoi dheighilt idir toghlach na hÉireann agus polaitíocht na hilchríche…

Agallamh le Pat 'the Cope' Gallagher
Agallamh le Seán Kelly
Close
Close