Todhchaí na Gaeilge ó Thuaidh faoi chaibidil


Agus níos mó ná coicís imithe ó foilsíodh an Comhaontú nua ag Stormont, tá éiginnteacht go fóill ann faoin mhéid atá san áireamh ann ó thaobh na Gaeilge de. 

D'eagraigh Conradh na Gaeilge seiminéar le déanaí chun deis a thabhairt do bheirt a bhfuil an-chur amach acu ar chúrsaí reachtaíochta a dtuairimí faoi 'New Decade New Approach' a roinnt le Gaeil an Tuaiscirt.

Fuair scaifte maith i láthair i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich chun éisteacht leis na dlíodóirí, Daniel Holder ón Choiste um Riarachán Dlí agus Cirt agus Niall Ó Murchú ó KRW Law. 

Thug Daniel anailís ar an reachtaíocht nua atá leagtha amach sa Chomhaontú agus ar na himpleachtaí a bhaineann leis maidir le cearta daonna agus cearta teanga.

Thug Niall Ó Murchú barúil dhlíthiúil ar a bhfuil sa doiciméad i dtaca le stair na Gaeilge i gcúrsaí dlíthiúla.

Ar na rudaí is mó a pléadh ag an seiminéar bhí an tátal go mbraitheann aon rud a bhaineann leis an Ghaeilge sa reachtaíocht nua go mór ar dhea-thoil na bpolaiteoirí agus níl aon dabht ach gur údar imní é seo.

Bhí plé oscailte ag an lucht éisteachta ag deireadh an imeachta inar cuireadh an-bhéim ar an fhíric gur céim chun tosaigh é seo go cinnte maidir le cearta teanga a bhaint amach ach ní ceann scríbe é agus cé go dtabharfar stádas oifigiúil don Ghaeilge ó Thuaidh mar chuid den chomhaontú, nach bhfuil Acht Gaeilge bainte amach go fóill.

Close
Close