Todhchaí Aisling Ghéar i mbaol tar éis 20 Bliain

Agus an compántas drámaíochta Gaeilge Aisling Ghéar ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana tá féile drámaíochta á reachtáil acu an deireadh seachtaine seo.

Compántas é Aisling Ghéar atá go mór mar chuid de phobal Bhéal Feirste agus a d’eascair as fís Ghearóid Uí Chairealláin nuair a chinn sé ar chompántas proifisiúnta drámaíochta a dhéanamh den ghrúpa pobail drámaíochta ‘Aisteoirí Aon Dráma’.

Ó shin tá drámaí i nGaeilge léirithe ag an chompántas ar stáitsí fud fad na cruinne; saothair le daoine chomh héagsúil le Samuel Beckett, Brian Friel, WB Yeats agus Machiavelli, chomh maith le drámaí nuascríofa.

Ach i rith an ullmhúcháin ar fad don fhéile drámaíochta ceiliúrtha an deireadh seachtaine seo, fuair Aisling Ghéar drochscéal faoi mhaoiniú s’acu.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl don chompántas go raibh ciorrú eile dá mhaoiniú le tarlú i mbliana.

Sa bhliain 2008, fuair Aisling Ghéar £85,000 de dheontas ó Fhoras na Gaeilge. £24,940 a bheas siad ag fáil i mbliana. Sin beagnach £4,000 níos lú ná mar a fuair siad anuraidh agus 71% níos lú ná 9 mbliana ó shin.

Deir Aisling Ghéar go mbeidh deireadh curtha ag na ciorruithe maoinithe seo leis an chompántas drámaíochta faoi mhí Feabhra na bliana seo chugainn.

Maíonn siad fosta go bhfuil “Foras na Gaeilge, a bunaíodh leis an Ghaeilge a chur chun cinn go huile-oileanda, ag iarraidh deireadh a chur leis na healaíona Gaeilge”.

Seo a leanas an ráiteas a chuir Foras na Gaeilge chuig Meon Eile ag a 1 a chlog inniu :

Tá Aisling Ghéar ar cheann de na complachtaí drámaíochta is mó atá ag saothrú i réimse na drámaíochta Gaeilge agus tá éacht déanta ag an gcompántas ó bunaíodh é 20 bliain ó shin. Aithníonn Foras na Gaeilge an obair mhór atá déanta ag Aisling Ghéar i réimse na drámaíochta Gaeilge agus tá aitheantas tugtha ag Bord Fhoras na Gaeilge don méid atá bainte amach acu thar na blianta. Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge le tacú lena chlár oibre le breis agus 10 mbliana.

I mbliana fuair Foras na Gaeilge 18 n-iarratas maoinithe do Scéim na gComplachtaí Drámaíochta agus seoladh tairiscintí maoinithe chuig 17 gcomplacht drámaíochta do shuimeanna éagsúla idir €1,000 agus €26,000. Seoladh an tairiscint is airde, dar luach £24,940 / €29,000, chuig Aisling Ghéar.

Bhuail feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge le hionadaí ó Aisling Ghéar ar an Máirt, an 6 Nollaig 2016 ach níor tugadh aon ghealltanas maidir le cúrsaí maoinithe. Ní féidir le Foras na Gaeilge aon ghealltanas a thabhairt riamh maidir lenár scéimeanna iomaíocha oscailte a fhógraítear ar bhonn uile oileáin.

Cé gur ábhar dóchais é líon na gcomplachtaí drámaíochta a chuir isteach ar Scéim na gComplachtaí Drámaíochta le cúpla bliain anuas, grúpaí nua, ach go háirithe, is oth linn gur laghdaigh an buiséad don scéim seo (i measc roinnt mhaith scéimeanna eile) mar a léiríonn an tábla thíos:

Is oth le Foras na Gaeilge an tionchar atá ag ciorruithe leanúnacha ar a ollbhuiséad, atá laghdaithe beagnach 25% thar na blianta ar ár scéimeanna maoinithe uilig, Scéim na gComplachtaí Drámaíochta ina measc.

Labhair Meon Eile le bunaitheoir Aisling Ghéar, Gearóid Ó Cairealláin, stiúrthóir ealaíne an chompántais, Bríd Ó Gallchóir, agus aisteoir dá chuid, Seán Mac Seáin, faoina dtodhchaí.

Close
Close