Tionól Náisiúnta Géarchéime i mBéal Feirste

Bhailigh iondaithe ó níos mó ná 50 grúpa teanga thuaidh agus theas le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, inné ar mhaithe le Tionól Náisiúnta Géarchéime. Is é Conradh na Gaeilge a d’eagraigh an tionól mar chuid den fheachtas RAIC.

Rinneadh plé ar na mórcheisteanna agus ar na dúshláin is mó atá roimh phobal na Gaeilge faoi láthair. Pléadh tithíocht sa Ghaeltacht, an t-oideachas, agus cearta teanga sa lá atá inniu ann.

Bhí painéal cainte ann ar an lá le daoine a bhfuil baint láidir acu leis na hábhair a bhí faoi chaibidil. Ina measc bhí Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Cuisle Nic Liam a labhair thar ceann An Dream Dearg, Lousia Ní Éideáin a labhair faoin fheachtas Gaelcholáiste 2,4,6,8 agus Éibhín Ní Shlattara, Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne, a labhair faoin ghéarchéim thithíochta sna ceantair Ghaeltachta.

Thug Meon Eile cuairt ar an tionól agus labhair muid le Cuisle, Ruairí agus Éibhín faoin mhéid a bhí le rá acu ar an phainéal agus an tábhacht a bhaineann le himeachtaí cosúil leis an tionól seo a reáchtáil chun pobal na Gaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

Close
Close