Tá ciorruithe dar luach breis is €800,000 fógartha ag Foras na Gaeilge ar bhuiséad an eagrais do 2025. Is mór an tionchar a bheidh ag an laghdú seo ar ghrúpaí pobail, ar na ceanneagraíochtaí, ar na meáin agus ar réimsí eile i saol na Gaeilge, thuaidh agus theas. Bhailigh ionadaithe ó go leor eagraíochtaí Gaeilge as gach cearn den tír i bhfoirgneamh Unite the Union i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite chun aird a dhíriú ar an cheist agus chun teacht ar chur chuige feachtasaíochta.
D'fhreastail Meon Eile ar an tionól tábhachtach fiúntach agus labhair muid le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Ruairí Ó Donnáin, agus le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ionad Uíbh Eachach, Sinéad Mc Connell. Bhí deis againn labhairt le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, chomh maith agus thug sé léargas soiléir dúinn ar an tsáinn.