Teorainn nua ag Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste

Tá Coiste Forbartha Chathair Bhéal Feirste tar éis teorainn chinntithe a leagan ar Cheathrú Ghaeltachta na cathrach, an chéad uair gur tharla a leithéid.

Sa teorainn deimhnithe, beidh an cheathrú lonnaithe timpeall bhóthar na bhFál ó bhóthar na Carraige Báine go Páirc Dunville, achar dhá mhíle ar fhad. Níl Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Gaelscoil na Móna ná Glór na Móna laistigh den limistéir seo.

Chuaigh Meon Eile ar thuras timpeall na ceathrún le Ciarán Mackel, Cathaoirleach Choiste na Ceathrún Gaeltachta. Labhair muid leis faoin phroiséas roghnaithe, an chúis ar roghnaíodh áiteanna faoi leith agus forbairt na ceathrún…

An Ceathrú Gaeltachta
Close
Close