Tástáil fhorleathan de dhith ó thuaidh chun géarchéim COVID-19 a thróid, a deir Gráinne Holland

Tá frustrachas agus imní ar an cheoltóir Gráinne Holland mar nach bhfuil tástáil fhorleathan a dhéanamh sna sé chontae le dul i ngleic leis an ghéarchéim COVID-19.

Tá féin-leithlisiú ar siúl ag an mháthair óg ó tháing sí ar ais ón Ghearmáin naoi lá ó shín. Bhí Gráinne ar camchuairt sa Ghearmáin nuair a cuireadh ar ceal é de thorradh an choróinvíris.

Rinne sí an cinneadh siosmaideach í féin a choinneáil ar shiúil ó achan duine, a teaghlach féin ina measc, nuair a tháinig sí ar ais go hÉirinn. 

An lá ina dhiaidh sin d'éirigh sí tinn agus d'aithin sí go raibh raibh siomptóim COVID-19 aici.

Cuireadh comhairle dochtúra ar Ghráinne fanacht sa bhaile agus cloí le féin-leithlisiú ar feadh coicíse, rud atá á dhéanamh aici.

Níl a fhios ag Gráinne an bhfuil COVID-19 uirthi mar nach bhfuil tástáil a dhéanamh ar dhuine ar bith ó thuaidh ach amháin iad siúd atá sna hotharlanna faoi láthair.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le Gráinné faoina taithí go dtí seo agus faoin fhrustrachas agus buairt atá uirthi.

VIDEO

Scéal is deireanaí: thuaidh agus theas

D'fhógair na húdaráis sláinte sa Tuaisceart go bhfuil 20 cás nua den víreas COVID-19 sna sé chontae ó bhí trathnóna inné ann.

Sin 148 gcás atá deimhnithe sna sé chontae anois agus ceathar atá básaithe de thoradh an choróinvíris.

D'fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 219 hcás nua sa Phoblacht ó bhí ann inné fosta. 

Tá 1,125 chás den víreas atá deimhnithe sa Phoblacht anois agus tá seisear básaithe.

Tá thart ar 40,000 duine ag fanacht le tástáil sa Phoblacht faoi láthair.

Tá ionaid tástála á mbunú ar fud na tíre mar iarracht dul i ngleic leis an bhrú atá ar an tseirbhís sláinte mar gheall ar an ghéarchéim.

Tá sé ráite ag Feidhmeannas Thuaisceart Éireann go bhfuil siad chun cur go mór le cúrsaí tástála ó thuaidh fosta.

Gach eolas faoi COVID-19 ar fáil ANSEO.

Close
Close