Comhaontú ar thuarascáil Choiste Uisce an Oireachtais - Deireadh le táillí uisce ach méadair uisce i dtithe úra

Ní inniu ná inné a thosaigh conspóid na dtáillí uisce.

Is sa bhliain 2014 a tugadh na táillí uisce isteach i bPoblacht na hÉireann, agus ó shín is iomaí léirsiú a bhí fud fad na tíre ina n-éadan.

Trí bliana ar aghaidh tá Coiste Uisce an Oireachtais ag obair chun teacht ar réiteach na ceiste. 

Bhí 10,000 duine i mbun agóide le brú a chur ar an rialtas glacadh leis an tuarascáil atá curtha le chéile ag Coiste Uisce an Oireachtais, ina moltar deireadh a chur leis na táillí uisce. 

Tháinig seo tar éis gur cuireadh siar an vóta ar an tuarascáil chéanna ar an tseachtain seo caite, de bharr go raibh comhairle dlí á lorg ag Fine Gael.


Tháinig an coiste le chéile inné agus iad ag iarraidh teacht ar chomhaontú faoin dréacht-thuarascáil.

Moltar sa tuarascáil go gcuirfí deireadh le táillí uisce, go n-íocfar ar ais iad siúd a d'íoc táillí agus nach mbeadh méadair uisce á gcur i dtithe nua.

Fuair Coiste Uisce an Oireachtais comhairle dlí agus moladh leasú a dhéanamh ar an dréacht-thuarascáil, sa dóigh is go mbeidh an rialtas ag comhlíonadh dhlíthe na hEorpa.

Moltar sa chomhairle dlí go mbeadh méadair uisce á bhfeistiú i dtithe nua.

Moltar fosta go raibh sainmhíniú soiléir de dhíth ar mhí-úsáid uisce.

Cé go raibh an an dréacht-thuarascáil ina haighneas idir Fine Gael agus Fianna Fáil le seachtain anuas, ghlac Fianna Fáil leis an chomhairle dlí. Glacadh leis an tuarascáil leasaithe, 13 vóta in aghaidh 7 vóta roimh 8in aréir.

Tá sé socraithe anois go gcuirfidh méadair uisce in achan teach nua atá le tógáil.

Fosta gearrfar tobhach, in áit pionóis, ar dhaoine má théann siad thar 1.7 % den ghnáthúsáid. Beidh liúntas de 133 lítear do gach duine in aghaidh an lae.

Léirigh Sinn Féin agus Pobal Roimh Bhrabús a míshástacht faoi na hathruithe móra seo.

Déanfar plé ar an tuarascáil agus ar an reachtaíocht a bheas ag dul leis sa Dáil ón lá inniu ar aghaidh.

Ach an nglacfaidh muintir na tíre agus lucht na hagóide leis an tuarascáil? An mbeidh siad ag tabhairt ar shráideanna Bhaile Átha Cliath arís lena míshástacht a léiriú?

Níl freagra faighte againn ar na ceisteanna sin go fóill...

Close
Close