‘Saol trí Ghaeilge’: taighde úr le Fís an Phobail seolta

Bhí Danlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste lán go doras ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar sheoladh na tuarascála Saol Trí Ghaeilge: Tuairisc Athbhreithnithe ar Sheirbhísí Luath-bhlianta agus Imeachtaí Teaghlaigh i gCeantair Líonra Feirste Thiar’. 

Is é Fís an Phobail a choimisiúnaigh an tuarascáil agus is í an Dr. Órla Nig Oirc a rinne an taighde. Chuir sí tuismitheoirí agus teaghlaigh in iarthar na cathrach faoi agallamh faoi eispéireas s’acu agus iad ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Is é príomhchonclúid na tuairisce seo ná go bhfuil ‘infheistíocht shuntasach agus leanúnach de dhíth chun soláthar seirbhísí luath-bhlianta agus teaghlaigh trí mheán na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú'.

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh, a cuireadh ar siúl mar chuid d’Fhéile an Phobail, agus labhair muid leis an Dr. Órla Nig Oirc faoin taighde. Dúirt sí go bhfuil an ghlúin seo de thuismitheoirí Gaeilge spreagúil, in ainneoin na ndúshlán atá rompu. Labhair muid fosta le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, faoi cé chomh tiománta agus atá siad ardú feasachta agus ardú tacaíochta a bhaint amach ar son na dtuismitheoirí óga agus tuilleadh seirbhisí a chur ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge.

D'inis Sorcha Ní Chathmhaoil, Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh le Fís an Phobail, dúinn faoi eispéireas s’aici féin ag obair le teaghlaigh ar fud Iarthar Bhéal Feirste atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus an fhreagairt thar a bheith dearfach atá faighte acu cheana féin maidir leis an taighde.

Dá mba mhaith leat an taighde a léamh nó tuilleadh eolais a fháil faoi Fís an Phobail, téigh i dteagmháil le [email protected]

Close
Close