Dónall Mac Giolla Chóill
Tá iomrá mór na laethanta seo, agus togchán Stór Mhónaidh ar siúl inniu, ar Ghlúin an Chomhaontaithe, is é sin iad siúd a rugadh i dtrátha Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste.
Seo dream a bheidh ag caitheamh vóta den chéad uair inniu ó síníodh an Comhaontú céanna a chuir Feidhmeannas déabhlóidithe ar bun sna Sé Chontae/Tuaisceart na hÉireann/Tuaisceart Éireann/Oirthuaisceart Uladh/Ar Wee Pravance srl, srl.
D’amharc mé ar chlár de chuid Stephen Nolan an oíche faoi dheireadh agus bhí clár ar leith aige ag díriú isteach ar an ghlúin seo, agus de réir cosúlachtaí bhí an lucht féachana óg sa stiúideo eolach agus léannta go leor faoi chúrsaí polaitíochta agus ceisteanna sóisialta an lae.
Deacair a shamhailt mar sin, trí scór bliain ó shoin, abair an uair dheireanach a raibh parlaimint sna Sé Chontae, go mbeadh go leor acu fágtha gan vóta, gan ghuth.
Is beag duine a chuimhníonn ar na laethanta dorcha údaí nuair nach raibh vóta ag chuile dhuine, beag beann ar inscine, aois nó cine.
Ach sna seanlaethanta ní raibh vóta ag cách.
Ba chúis mhór é sin ar ndóigh le tús ghluaiseacht cearta sibhialta ó thuaidh sna 1960í.
De réir tearma.ie is ionnan ‘Vóta Amháin an Duine’ agus ‘One Man, One Vote’, an mana a bhíodh acu siúd a mháirséal agus a ghríosaigh an pobal 50 bliain ó shin.
Ní raibh vóta ag duine ach amháin gur úinéir talún nó úinéir tí iad.
An mhórchuid de phobal na Sé Chontae sna laethanta sin, bhí tithe ar cíos acu ó thiarnaí talúin – ní raibh iomrá ar an Fheidhmeannas Tithíochta san am sin.
Ag an Tiarna Talún a bhí an vóta.
Tá aithne agam ar fhear a rugadh i nDoire Cholm Cille, nó ‘Doire Londan’ mar a bheadh ag an am.
Nuair a tháinig sé i méadaíocht, nuair a bhuail sé 18 mbliaina d’aois, ní raibh vóta aige.
Ní raibh vóta ag duine ar bith den deichniúr a chónaigh in aon tí leis.
Bhí an teach ar cíos ag a athair, agus bhí an vóta ag an tiarna talún, arbh Aontachtach é.
D’fhag sin Doire mar chathair faoi smacht ag Aontachtóirí, gidh gur Náisiúnaigh an mórlach.
Anois tá vóta ag gach mac máthara agus iníon athra a bhfuil 18 mbliana slán acu agus iad ina gcónaí go dleathach sa dlínee seo, mé féin san áireamh.
Mothaím sórt bróid achan lá nuair a théim síos staighre leis an teachtaireacht togcháin is úire a bhailiú, idir an doras tosaigh agus an bosca athchúrsála, cuireann sé gliondar nach beag orm go bhfuil Arlene Foster ag geallúint dom gurb iad an DUP is fearr a sheasfaidh an fód dom i dTuaisceart Bhéal Feirste, agus go bhfuil a cuid ionadaithe ag troid lá is oíche ar shon mo leasa.
I gceann dhá bhliain beidh muid ag déanamh mórtais den chéad bhliain ó tugadh vóta do mhná, (mná áirithe, ní go díreach ar chomhchéim le fir).
Agus muid ag ceiliúradh vótáil chomhchoiteann dhíreach, an mbeidh mórán tagairtí do na laethanta údaí, le linn chuimhne bheo na ndaoine, nuair raibh seo amhlaidh i gcoirnéal beag álainn s’againne den oileán seo?
Muna mbíonn, ba chóir go mbeadh.