I mí Mheán Fómhair 2025, bhailigh 25,000 Gael le chéile ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Chuaigh siad i mbun léirsithe mar gheall ar cheithre mhórfhadhb a bhain leis an Ghaeilge: maoiniú, oideachas, an ghéarchéim thithíochta sna ceantracha Gaeltachta agus cearta teanga. Mheall an t-imeacht stairiúil sin cuid mhór airde agus suime i measc cainteoirí Gaeilge agus Béarla araon. Bhí neart pleanála, plé, físe agus ullmhúcháin ag baint leis an lá i measc fhoireann Chonradh na Gaeilge, agus d’éirigh leo an beart a dhéanamh.
Breis agus leathbhliain ar aghaidh ón mhórshiúl CEARTA, bheartaigh Conradh na Gaeilge tionól a eagrú i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite le cuireadh a thabhairt dóibh siúd atá ag obair ar son phobal na teanga timpeall na tíre plé a dhéanamh ar na mórcheisteanna Gaeilge agus Gaeltachta atá ann faoi láthair, agus ar na constaicí atá roimh earnáil na Gaeilge go ginearálta.
D’fhreastail Meon Eile ar an lá agus labhair muid le Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh, agus le Feidhmeannach Cumarsáide an Chonartha, Kate Ní Dhúbhlaoich, faoi na chéad chéimeanna eile. Labhair muid fosta le hOifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Dónall Ó Cnáimhsí, faoin ghearchéim thithíochta a fheiceann sé ina cheantar féin ó lá go lá.


