Tá ionad ealaíon an Black Box 20 bliain ar an fhód. Lonnaithe i gcroílár Cheathrú na hArdeaglaise i mBéal Feirste, cuireann an t-ionad neart gnéithe de na healaíona chun cinn: gigeanna sa seomra glas nó sa phríomhseomra, réimse leathan de cheardlanna agus imeachtaí sóisialta, seónna grinn, an t-imeacht scéalaíochta clúiteach Tenx9, agus go leor eile.
Tugann an Black Box tacaíocht nach beag do cheoltóirí nua i rith an ama agus tá neart ceoltóirí lonnaithe sa chathair a thosaigh amach ag seinm beo den chéad uair ar ardán an ionaid. Is baile é d’Fhéile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise, Féile Outburst Arts, imeachtaí de chuid Moving on Music agus Féile Scannán Bhéal Feirste.
Déanann an t-ionad an-obair chun deiseanna a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas trí neart tograí éagsúla, le go dtig le hachan duine taithí a fháil ar na healaíona mar is ceart. Is cinnte gur ionad pobail é chomh maith, agus go bhfuil gach rud a dhéantar ann dírithe ar phobail éagsúil ealaíonta Bhéal Feirste a thabhairt le chéile.
Bhuail Meon Eile isteach chuig an Black Box an tseachtain seo, áit ar labhair muid le hEve Belle a bhfuil an-taithí aici ar bheith ag seinm beo san ionad thar na blianta. Labhair muid fosta le Kathryn McShane atá ag obair mar stiúrthóir ann le trí bliana anuas.
Beidh Gradaim NÓS ar siúl sa Black Box an Satharn beag seo agus tá oíche spleodrach geallta, áit a mbeidh neart duaiseanna éagsúla le bronnadh ar roinnt de na ceoltóirí is fearr sa tír. Beidh cuid de na ceoltóirí ón ghearrliosta ag seinm ar stáitse chomh maith. Is féidir ticéad a cheannach anseo!

