Bhí baill de chuid Chonradh na Gaeilge ar ais san Ard-Chúirt an tseachtain seo le haghaidh cás cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh agus an Aire Pobal, Gordon Lyons, mar gheall gur theip air glacadh le Straitéis don Ghaeilge.
Tharla an cás inné tar éis athbhreithniú breithiúnach in 2017 agus in 2022 nuair a deimhníodh gur theip ar an Fheidhmeannas a chuid dualgas de réir dlí 2007 a chomhlíonadh.
Bhí Meon Eile i láthair ag an Ard-Chúirt, áit ar labhair muid leis an Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh ón Chonradh a mhínigh dúinn cúlra agus sonraí an cháis agus an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a bheith le feiceáil sna cúirteanna, go háirithe agus iad ag iarraidh go ndéanfaidh an Feidhmeannas beart de réir a bhriathar.
Chuaigh Meon Eile i dteagmháil leis an Roinn Pobal le heolas a fháil ar phleananna s’ maidir leis an Straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Seo thíos ráiteas a cuireadh ar fáil dúinn:
A Department for Communities spokesperson said: “The Department is opposing the application for judicial review and has filed written arguments to that effect. The Department will not be commenting further while proceedings are ongoing.”


