Snámh don Phalaistín


Thaistil grúpa Gael timpeall na tíre laistigh de dhá lá ar na mallaibh chun dul ar snámh urraithe ar son na Palaistíne in achan chontae a bhfuil cósta aige.

D’eagraigh Conradh na Gaeilge an feachtas ‘Snámh don Phalaistín’ a bhailigh beagnach 50 duine ó gach cearn den tír le chéile le hairgead a thiomsú don Lajee Centre agus ACLAÍ Palestine, ionad pobail agus ionad aclaíochta faoi seach atá lonnaithe i gCampa Aida. Is campa dídeanaithe é Campa Aida atá suite ar an Bhruach Thiar. 

Chuaigh an grúpa amach ar a gcéad snámh go luath maidin Dé Sathairn an 12 Aibreán, timpeall ar 5:15, i mBaile Brigín, Contae Átha Cliath. Bhí naoi snámh eile le déanamh acu an lá sin sna háiteanna seo a leanas: An Inse (An Mhí), Na Creagacha Dubha (An Lú), An Pointe (An Dún), Port Rois (Aontroim), Port na Binne Uaine (Doire), Bun Dobhráin (Dún na nGall), An Tulachán (Liatroim), An Mullach Mór (Sligeach) agus Cill Ala (Maigh Eo), ag críochnú thart ar 20:30. Thaistil siad síos ansin go Cathair na Gaillimhe, áit a raibh lóistín acu don oíche.

Agus seacht snámh fós le déanamh ag an ghrúpa, cuireadh tús leis an dara lá den turas ag 8:30 maidin Dé Domhnaigh i mBóthar na Trá. Ar aghaidh leo ansin go Baile Uí Bheacháin (An Clár), Baile an Bhuinneánaigh (Ciarraí), Eochaill (Corcaigh), Ceann Heilbhic (Port Láirge), Baile na Cúirte (Loch Garman) agus an stad deireanach ag 23:00, Bré (Cill Mhantáin). 

I rith an deireadh seachtaine, tháinig an-chuid dreamanna amach chun bualadh agus tacú leis na snámhaithe sna contaetha éagsúla. Ina measc bhí craobhacha áitiúla d’Fheachtas Comhbhá na hÉireann leis an Phalaistín (IPSC), Na Gaeil CLG, Trá Lí, a chuir lón ar fáil dóibh ina gclubtheach, Gaeil ar son Gaza atá lonnaithe i bPort Láirge, agus gaolta agus cairde na snámhaithe.

Labhair Meon Eile le hAodhán Ó Deá agus Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge, beirt a bhí ar an fhochoiste a d’eagraigh an feachtas. Chaith Róisín sealanna mar oibrí deonach sa Lajee Centre in 2022 agus 2023 agus bhí sí in ann léargas a thabhairt dúinn ar an obair a dhéanann an t-ionad agus ACLAÍ Palestine. 

Agus an t-alt seo á scríobh, bhí os cionn €59,000 tiomsaithe ag na snámhaithe, agus tá sé fógartha acu go mbeidh siad go fóill ag glacadh le síntiúis airgid go ceann míosa i ndiaidh an tsnámha. 

Buíochas le Bayview Media, Conradh na Gaeilge agus Róisín Ní Chinnéide as an ábhar a chuir siad ar fáil dúinn.



Close
Close