Sinn Féin ar an mháirseáil – thuaidh agus theas

Sinn Féin ar an mháirseáil – thuaidh agus theas

Ian Malcolm

Is go drogallach a thugaim moladh ar bith do Shinn Féin, ach caithfear a admháil go bhfuil fios a ngnóithe acu.

Bhí an méid sin le feiceáil ag Ard-Fheis an pháirtí i nDoire/LondainDoire nuair a chruthaigh siad arís go bhfuil siad in ann an deis a thapú am i ndiaidh ama.

Mo leithscéal as an Laidin chiotach anseo, ach má tá ‘diem’ le ‘carpe’, is iad lucht Shinn Féin a dhéanfaidh é go fonnmhar.

Mar pháirtí a oibríonns ar an dá thaobh den teorainn, bhí láthair na comhdhála suntasach ann féin – tá Sinn Féin i rialtas ó thuaidh agus uaillmhian réalaíoch acu go mbeidh ról acu sa chéad Dáil eile ó dheas.

Teachtaireacht chumhachtach a bhí ann, chan amháin dá lucht leanúna ach do phobal na hÉireann uilig.

Cuireadh in iúl ag an chomhdháil go bhfuil SF réidh do dhúshlán an rialtais i mBaile Átha Cliath.

Tá le feiceáil cé a bheas sásta suí síos leo i dTeach Laighean ach ní raibh cur i gcéill i gceist nuair a dúirt Mary Lou McDonald go bhfuil SF réidh. Tá, agus cleachtadh maith faighte acu i dTuaisceart Éireann.

Gan dabht, tá éacht déanta ag Sinn Féin thar na blianta. Ó pháirtí a bhí fréamhaithe ar an imeall mar éite pholaitiúil an IRA, tá an spotsolas orthu anois ar bhealach eile.

Agus níl easpa de chrógacht i gceist in amanna – tacaíocht SF don PSNI ó thuaidh, mar shampla amháin, agus beart tromchúiseach na gciorruithe a rinneadh i gcomhpháirt leis an DUP in Stormont le deireanas mar shampla eile.

Ach ní dhéanann SF rud ar bith ar an toirt.

Pléitear achan rud go cúramach roimh ré, chun an talamh a ullmhú, ionas nach bhfuil polasaithe gan choinne ag teacht amach as an bhosca ar ardán na comhdhála bliantúla.

Cuirim i gcás an cinneadh ar mhínormáltacht mharfach féatais: athraíodh seasamh an pháirtí chun ginmhilleadh a cheadú sna cúinsí brónacha sin. Céim mhór i ‘dtír Chaitliceach’, cinnte, ach níor tháinig an vóta aniar aduaidh ar éinne toisc go raibh an réamhobair déanta le tamall maith anuas.

Go deimhin, labhair an Feisire Stormont Cathal Ó hOisin go macánta agus go ciallmhar ar na mallaibh nuair a phléigh sé a eispéireas pearsanta féin. Ríomh sé an phian a mhothaigh seisean agus a bhean mar gheall ar mhínormáltacht mharfach féatais blianta ó shin.

Fiche bliain ó shin níorbh fhéidir le páirtí ar bith an rud a phlé fiú amháin agus gidh go raibh picéad ón dream Precious Life taobh amuigh den chomhdháil, bhraith SF go raibh am an athraithe tagtha.

Beifear ag déanamh comparáide idir seasamh SF agus polasaí an SDLP ar an cheist. Tamall beag ó shin dúirt Alasdair McDonnell, ar dochtúir teaghlaigh é, mar aon le Feisire Westminster Bhéal Feirste Theas, nach féidir le dochtúirí a thuar go bhfuil mínormáltacht mharfach i gceist.

Bhí comhairligh ar buille, ag maíomh go raibh an Dr McDonnell ag caitheamh anuas ar a n-ionracas gairmiúil. An bhfuil SF, mar sin, ‘forásach’ ar an ábhar agus an SDLP mar dhineasáir sheanfhaiseanta, greamaithe le cloch an traidisiúin Chaitlicigh díreach nuair atá an tsochaí ag bogadh ar aghaidh?

Ceist shuimiúil, agus toghchán Westminster ag teannadh linn, go háirithe i mBéal Feirste Theas, áit a mbeidh iarrthóir SF Máirtín Ó Muilleoir ag tabhairt dúshláin don Dr McDonnell…

Níl aon pháirtí eile inchurtha le SF maidir le ráta oibre ar an talamh. Bíonn siad ag cnagadh ar an doras i bhfad roimh na páirtithe eile agus thosaigh meaisín Uí Mhuilleora na míonna ó shin.

Is ní bhíonn drogall ar bith air cnagadh ar dhoirse Protastúnacha chomh maith le doirse Caitliceacha. Agus é breá cleachtaithe leis na meáin shóisialta, bíonn achan rud mar ‘photo op’, curtha ar Twitter i bhfaiteadh na súl.

Beidh an toghchán ar fad an-spéisiúil ach sa suíochán seo feicfidh muid cá luíonn croithe an phobail náisiúnaigh.

An mbeadh SF sa tóir ar vótaí Protastúnacha fosta?

Is fíor a rá nár tháinig bláth ar iarrachtaí Martina Anderson mar ambasadóir for-rochtana cúpla bliain ó shin, ach tá aghaidheanna nua ag SF nach bhfuil smál an fheachtais mhíleata orthu.

Tugadh cuireadh do Fhóram Bannaí Londonderry, dream a labhraíonns ar son na mbuíonta ceoil dílseacha sa cheantar, labhairt ag an chomhdháil. Céim mhór a bhí ann don dá dhream ach taispeánann sé go bhfuil fís fhairsing ag SF.

Amanna, áfach, sleamhnaíonn an cochall, mar a chonaic muid ar an Iúr agus baill SF ag cloí go docht daingean le hainm an stailceora ocrais Réamoinn Mhic Raois do chlós súgartha, rud a ghortaíonn an pobal Protastúnach go mór.

Cibé, beidh an toghchán Westminster spleodrach ar fad, agus ní bheidh easpa siamsaíochta sa chéad toghchán Dála eile ach oiread.

Agus oideas d’fhorásacht acu, measctha le poblachtachas den tsean-déanamh, tá Sinn Féin ar an mháirseáil – thuaidh agus theas.

Close
Close