Rinneadh ceiliúradh ar bhliain eile den scéim ‘Scoil Spreagtha’ le Gael Linn in Ollscoil Uladh, Béal Feirste ar na mallaibh. Bhí scaifte mór ann idir dhaltaí bunscoile, mhúinteoirí agus ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge.
Is scéim creidiúnaithe í ‘Scoil Spreagtha’ a chuireann an Ghaeilge chun cinn i mbunscoileanna Béarla ó thuaidh.
Ar an drochuair, tá an scéim le críochnú ag deireadh na scoilbhliana seo muna bhfaightear tuilleadh maoiniúcháin ach go fóill bhí spiorad dearfach ann ar an lá le duaiseanna á dtabhairt amach agus gníomhaíocthaí spraíúla do na daltaí ar nós Biongó Lócó, cleachtadh aireachais agus rang ceoil.
Chomh maith leis sin, bronnadh Gradam Cuimhneacháin Phádraig Uí Bhaoighill den chéad uair. Is í Máire Sabhaois-Ziegesloo, múinteoir i Scoil Naomh Pádraig, Coilleach Eanach, a bhuaigh an gradam mar gheall ar an obair atá déanta aici ag cur na Gaeilge chun cinn in earnáil an Bhéarla.
Fuair Pádraig Ó Baoighill, as Rann na Feirste ó dhúchas, bás anuraidh. Ba scríbhneoir agus staraí é a raibh ról lárnach aige le Gael Linn i gcaitheamh na mblianta. Dúirt Máire go raibh ‘áthas agus iontas an domhain’ uirthi an gradam a fháil, go háirithe mar gheall go raibh aithne aici ar Phádraig.
Mhol sí fosta an scéim ‘Scoil Spreagtha’, ag rá go mbíonn Gaeilge le cloisteáil timpeall na scoile anois dá barr.
Labhair Meon Eile le Séamas Mac Eochaidh, Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn, a d’inis dúinn faoi rath na scéime go dtí seo agus faoin mhuinín atá ag Gael Linn in éifeachtacht na scéime chomh maith.
D’inis an tOllamh Malachy Ó Néill ó Ollscoil Uladh dúinn faoin tábhacht atá ag baint leis na hócáidí mar seo a bheith san ollscoil, le go dtig le daltaí bunscoile a aithint gur féidir leosan a bheith mar chuid den ollscoil lá den tsaol chomh maith.