Scéal mná óige Gaeltachta a bhfuil COVID-19 uirthi

Coicís ó shín d'éirigh Marie Nic Eamharcaigh, as Gaeltacht Thír Chonaill, tinn le pianta agus teocht ard i ndiaidh di teacht abhaile as Londain.

Cuireadh Marie, atá 18 mbliana d'aois, chuig an ionad tástála coróinvíris i Leitir Ceanainn, ar chomhairle a dochtúra agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Rinneadh tástáil uirthi agus cúpla lá ó shin fuarthas toradh deimhneach ar an tástáil le haghaidh COVID-19.

Bhí leithlisiú ar súil ag Marie agus a teaghlach ó d'éirigh sí tinn coicís ó shín agus is í an t-aon duine sa teach atá tinn.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill léi inné - seo a bhí le rá aici.


Tá os cionn 3,000 cás de COVID-19 deimhnithe in Éirinn anois.

D'fhógair na húdaráis sláinte sa Tuaisceart go bhfuil 86 chás nua den víreas sa dlísne ó bhí tráthnóna inné ann.

Sin 410 cás atá deimhnithe sna Sé Chontae ar an iomlán agus 21 atá básaithe de thoradh an choróinvíris.

D'fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 200 cás nua sa Phoblacht ó bhí inné ann fosta. 

Tá 2,615 chás den víreas atá deimhnithe sa Phoblacht anois agus tá 46 básaithe.

Close
Close