Ruaig ar an Ghruaig

Ruaig ar an Ghruaig

Bhí oíche den chead scoth acu i dTigh Hiúdaí Beag, i nGaoth Dobhair, an deireadh seachtaine le airgead a bhailiú do choiste Scaoil Saor ó Ailse.

Is eagraíocht í Scaoil Saor ó Ailse a bunaíodh i nGaoth Dobhair dhá bhliain ó shoin.

Tá an eagraíocht ann chun eolas agus comhairle a thabhairt do dhaoine a bhfuil ailse orthu agus nach bhfuil mórán eolais acu ar an gcúras a chaithfidh siad dul fríd.

Is daoine a bhfuil a lán taithí acu ar ailse atá mar chuid den choiste agus fuair Meon Eile deis labhairt le Jim Chonaill as Rann na Feirste a chaith aon bhliain déag ag troid in éadan an ghalair.

Mar a deir an tAthair Brian Ó Fearraigh “níl mórán teaghlach nach raibh buailte le haisle am inteacht den saol”.

Bhí an tAthair Ó Fearraigh ag fás a chuid gruaige le dhá bhliain anuas ach bhí sé brea sásta é a ghearradh ar son na cúise, chomh maith le gach duine eile a glac páirt san oíche i dTigh Hiúdaí.

Tháinig scaife mór de bhunú an phobail amach le tacaíocht a thabhairt dóibh súid a bhí ag fáil bearradh nó dath nó cíoradh gruaige mar chuid de ‘Ruaig ar an Ghruaig’ nó ‘Crazy Hair Day’.

Tógadh €2,400 agus tá go leor eile a dhéanamh acu tríd an cheantar le níos mó airgid a bhailliú.

Tá go leor de na scoileanna áitiúla ag glacadh páirt i ‘Crazy Hair Day’ nuair a chuireann siad dath isteach ina gcuid gruaige agus deirtear go mbeidh €8,000 san iomlán bailithe nuair atá gach rud déanta acu.

Chuaigh Meon Eile go Gaoth Dobhair le fáil amach cad é mar a chuaigh an oíche…

Ruaig ar an Gruaig
Close
Close