Reachtaíocht na gcúirteanna ó thuaidh ag teacht salach ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha - POBAL

Reachtaíocht na gcúirteanna ó thuaidh ag teacht salach ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha - POBAL

Tá reachtaíocht ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna Thuaisceart na hÉireann ag teacht salach ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Seo a thug Janet Muller, Príomhfheidhmeanach POBAL, le fios ag seoladh a dtuairisce ar fheidhmiú na Cairte i leith na Gaeilge ó thuaidh idir 2009-2013.

Chomh maith leis seo, dúirt Príomhfheidhmeanach POBAL go bhfuil páirtíthe Aontachtacha ag úsáid na Gaeilge mar uirlis agus iad in iomaíocht lena chéile.

“Bíonn siad ag iomaíocht lena chéile le bheith namháideach don Ghaeilge agus tá sin go fóill ag dul ar aghaidh idir na páirtíthe Aontachtacha. Sílim go bhfuil an dearcadh sin ag athrú sa phobal Protastúnach go fadallach ach tá sé ag athrú.”

“Is ag léibheal an Stáit agus na heagraíochta poiblí nach bhfuil an Chairt á cur i gcrích agus nach bhfuil cearta iontach simplí ar fáil do phobal na Gaeilge. Is é an t-aon bhealach leis an teanga a chosaint trí Acht na Gaeilge a thabhairt isteach agus is iad Rialtas na Breataine an t-aon dream gur féidir leo é sin a dhéanamh,” arsa an Príomfheidhmeannach.

Dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, gur chuidigh an reachtaíocht teanga a cuireadh i bhfeidhm sa Bhreatain Beaig in 2011 go mór le stádas a dteanga ansin.

“Tá sé tábhachtach go dtugann reachtaíocht cearta do dhaoine aonaracha ina saol laethúil. Le go dtarlóidh sin, caithfidh go mbeidh an teanga curtha san áireamh agus polasaithe Rialtais a chur i dtoil a chéile i réimsí an gheilleagair, cearta soisiálta, oideachas, cúrsaí slainte is araile,” arsa Coimisinéir Teanga na Breataine Bige.

POBAL
Close
Close