“Tá mé dóchasach go mbeidh réiteach ar cheist na meánscolaíochta i gcathair Dhoire go luath.”
Thug Caoimhín Ó Peatáin, Cathaoirleach Chomhairle na Gaelscolaíochta, an méid seo le fios ag é ag caint le linn Chomhdháil na Comhairle i gColáiste Feirste.
Dúirt Míchéal Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach CnaG, le Meon Eile go bhfoilseofar tuarascáil faoin soláthar méanscolaíochta ó thuaidh faoi cheann coicíse.
Ba é ‘Gaeloideachas ag gach páiste’ a bhí mar théama ag comhdháil na bliana seo.
D’fhiosraigh Meon Eile pleananna forbartha na héarnála don tréimhse amach anseo…