Polasaí úr faoi chomharthaíocht dhátheangach ceadaithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste


Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí úr chun comharthaíocht sráide dhátheangach a chur ar fáil sa chathair an tseachtain seo caite.

Anois is féidir le comhairleoir áitiúil, nó duine atá ina chónaí ar shráid áirithe, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge.

Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an mholadh, glacfar leis.

Roimhe seo bhíodh ar an tríú cuid de na háitritheoirí ar an tsráid achainí a shíniú sula ndéanfaí suirbhé ar mhianta an phobail.

Thig iarratas a dhéanamh ar son comharthaíocht dhátheangach i dteangacha áirithe, an Ghaeilge, an Ultais agus an tSínis ina measc.

Meastar go mbeidh costas £1,000 ag baint le comhartha dátheangach a chur in airde:

- £248 don chomharthaíocht

- £273 don chlódóireacht

- £568 don obair láimhe

Chuir comhairleoirí áitiúla agus Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an chinneadh.

Labhair comhairleoirí de chuid an DUP, UUP agus an PUP amach ina éadan, ag maíomh go bhfuil an polasaí ‘éagórach amach is amach’.

Labhair Meon Eile le Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, faoin dul chun cinn is deireanaí.

Close
Close