Polasaí 'Béarla Amháin' Chomhairle Aontroma agus Bhaile na Mainistreach le cur ar ceal


Tá sé á thuairisciú go bhfuil Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach chun a polasaí ‘Béarla Amháin’ do chomharthaí sráidainmneacha a chur ar ceal.

Tuigtear do Meon Eile nach mbeidh an polasaí á chosaint ag an chomhairle san Ard-Chúirt a thuilleadh.

I ráiteas a tugadh do Meon Eile, deir an chomhairle,

"As this matter is before the Courts the Council is not in a position to comment on this at the moment. The minutes of last night’s Council meeting is subject to the call-in period which ends on Friday at 12 noon, thereafter the Council minutes will be published in due course."

Tugadh an polasaí aonteangach isteach i mí Feabhra i ndiaidh do Chumann Áitritheoirí Abbeyville i mBaile na Mainistreach, Contae Aontroma, iarratas a dhéanamh comharthaí Gaeilge a chrochadh ar shráideanna sa cheantar.

Tháinig sé chun solais dá bharr nach raibh polasaí ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach maidir le teangacha ar chomharthaí sráide.

Labhair Meon Eile le Daniel Holder ón CAJ agus le Gráinne Ní Ghilín ón Dream Dearg faoin chasadh is deireanaí sa scéal.

Close
Close