Pobal na Gaeilge ag éileamh seirbhís Ghaeilge ó Bhanc na hÉireann

D’éagraigh Misneach, Sinn Féin agus grúpaí eile agóidí taobh amuigh de roinnt brainsí de chuid Bhanc na hÉireann ar na mallaibh le seirbhís Ghaeilge a éileamh uathu.

Tá sé tugtha le fios ag Banc na hÉireann go bhfuil siad le deireadh a chur leis an rogha a thugtar faoi láthair do dhaoine a ngnó a dhéanamh i nGaeilge ar innill airgid úra dá gcuid.

Deir Banc na hÉireann gur ‘easpa éilimh' is cúis leis an chinneadh seo.

Ag labhairt le Meon Eile inné dúirt siad nach bhfuil sé “inmharthana rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar na hinnill nua airgid i mbainc agus in ionaid eile amach anseo”.

1% d'idirbhearta a deir siad a dhéantar i nGaeilge ar na meaisíní airgid. 

Tá sé socraithe go mbeidh cruinniú ag Conradh na Gaeilge le Banc na hÉireann i gceann coicíse le seirbhís Ghaeilge a éileamh ón mbanc.

Close
Close