Tá an feachtas le haghaidh Acht Gaeilge don Tuaisceart ar siúl go fóill agus an tseachtain seo sheol an t-eagras Pobal moltaí nuashonraithe don reachtaíocht in Óstán Stormont.
Acht na Gaeilge ag teastail ó Phobal / Sarah de Búrca
Ag labhairt ag an seoladh bhí Príomhfheidhmeannach Pobal, Janet Muller, chomh maith leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, PF Chomhairle na Gaelscolaíochta Micheál Ó Duibh, an Coimisinéir Teanga ó dheas Seán Ó Cuirreáin, Leas-Stiúrthóir CAJ Daniel Holder agus an tOllamh Dónal Ó Baoill.