Picéad ag Oifigí Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann faoin chosc ar Chomharthaíocht Ghaeilge

Rinne scór duine picéad ag oifigí Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann inné le haird a tharraingt ar leithchéal na heagraíochta i leith comharthaí dátheangacha ó thuaidh.

Le bliain anuas, tá diúltaithe ag BTTÉ comharthaí Gaeilge a thógáil i gComhairle Dhún Pádraig, Comhairle an Iúir agus Mhúrn agus Comhairle Léim an Mhadaidh.

Rinne Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, iarracht litir a bhronnadh ar ionadaí ón Bhord Turasóireachta ach dhiúltaigh an Bord ionadaí a chur chun tosaigh chun an litir a bhailiú lasmuigh dá n-oifigí.

“Feidhmíonn BTTÉ ‘polasaí’ neamhscríofa nach nglacann siad ach le comharthaí i mBéarla ach amháin nuair a bhíonn ainm Gaeilge ar an ionad atá i gceist. Cúis dhíomá dúinn gur dhiúltaigh siad arís agus arís eile glacadh le maoiniú agus iarratais mhaoinithe,” arsa Príomhfheidhmeannach POBAL.

B’iad POBAL a d’eagraigh an picéad sna sála ar an cháineadh a rinne Comhairle na hEorpa ar fheidhmiú na Cairte um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ó thuaidh.

POBAL
Close
Close