Os cionn 50,000 duine ag foghlaim na Gaeilge de bharr 'Fáilte ar Líne'

Tá togra foghlama Gaeilge ar líne in Ollscoil Chathair Bhaile Cliath i ndiaidh cúrsaí teanga agus cultúir a theagasc do bhreis agus 50,000 duine fud fad na cruinne.

Cuireann an togra réimse cúrsaí ar líne faoin Ghaeilge agus faoi chultúr na tíre seo ar fáil do ghlantosaitheoirí ó 140 tír éagsúil. 

Is i bpáirtnéireacht le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, an Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus FutureLearn atá an clár á reáchtáil ag foireann taobh istigh d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ar na mallaibh, d'éirigh leis an tionscnamh 'Fáilte ar Líne' duais don Ghaeilge ag gradaim an Chrannchúir Náisiúnta a bhaint.

Bhuail Meon Eile isteach chuig oifigí 'Fáilte ar Líne' chun tuilleadh a fhoghlaim faoin togra foghlama seo.

Close
Close