Olltoghchán 2020 - Tuairimí ó Ghaeltacht Thír Chonaill


Tá ceann de na feachtais olltoghcháin is giorra agus is géire le fada ag teacht chun críche agus níl fágtha ach cúpla lá go dtí lá mór na vótaí.

Ar an Satharn bheag seo beidh deis ag muintir phoblacht na hÉireann vóta a chaitheamh agus rialtas úr a roghnú, más é sin atá uatha.

Tá cuid mhaith plé agus díospóireachta déanta ag iarrthóirí na bpáirtithe, mór agus beag, mar aon leis na neamhspleáigh le trí seachtaine anuas agus go leor geallta ar an bhealach.

Thug ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill, áit ar labhair sé le roinnt daoine fán cheantar le fáil amach cad iad na rudaí is mó atá ag cur imní ar mhuintir na Gaeltachta agus cad é lena mbeidh siad ag súil ón rialtas úr...

Close
Close