Olltoghchán 2016... Anailís le Harry McGee

Olltoghchán 2016... Anailís le Harry McGee

Tá cinneadh déanta ag lucht vótála na tíre agus a gcuid tuairimí nochtaithe acu sna boscaí ballóide. Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ón olltoghchán deireanach thiar in 2011.

Tá suíochán caillte ag 46 Teachta Dála ar fad, ina measc tá Alan Shatter, Alex White agus James O’Reilly. Deireadh seachtaine maith a bhí ann do Fhianna Fáil, do Shinn Féin agus do na neamhspleáigh.

Cé gur éirí go measartha maith leis an Taoiseach atá ag dul as oifig, Enda Kenny, ina dháilcheantar féin, níor éirí chomh maith céanna le Fine Gael sna dáilcheantair eile fud fad an tíre. Tá Fine Gael thíos 11% ón olltoghchán deireanach.

Lá gruama a bhí ann don Tánaiste, Joan Burton atá ag éirí as oifig. Cé gur éirí léi a suíochán féin a choinneáil sna cuntais dheiridh, rinneadh scrios do Pháirtí an Lucht Oibre ó cheann ceann na tíre agus iad thíos 13% ón olltoghchán deireanach.

Ba chúis mhór díomá iad na torthaí don pháirtí úr bunaithe ‘Renua’. Agus bliain mhór caite acu i mbun feachtasaíochta níor toghadh ceannaire an pháirtí Lucinda Creighton. Níor éirí leis an cuid eile don pháirtí ach oiread agus ní bheidh Renua mar cuid don Dáil úr.

Tá críoch á cur le comhaireamh na vótaí i gcúig cinn de na dáilcheantair maidin inniu agus athchomhaireamh iomlán le déanamh i Loch Garman.

Tá sé soiléir go mbeidh cuma úr ar fad ar an Dáil, ach cén cuma a bheas ar an Rialtas nua?

Bhí an chomhfhreagraí polaitiúil leis an Irish Times, Harry McGee ar an bóthar leis na páirtithe polaitíochta éagsúla le trí seachtaine anuas. Chas Meon Eile leis san RDS i mBaile Átha Cliath agus é i lár an aonaigh… seo an léamh a bhí aige ar an toradh.

olltoghchán 2016 - Anailís le Harry McGee

Seo an cuma a bheas ar an dáil úr go dtí seo.

olltoghchán 2016
olltoghchán 2016
olltoghchán 2016 %
olltoghchán 2016 %
Mná sa 32ú Dáil
Mná sa 32ú Dáil
Close
Close