Oideachas Gàidhlig faoi bhláth i nGlaschú

Thug 30 dalta ó Choláiste Feirste faoi thuras malartaithe chuig Scoil Gàidhlig Ghlaschú ar na mallaibh. Bhí Meon Eile ina gcuideachta agus d’fhiosruigh muid cosúlachtaí na n-earnálacha tumoideachais ar dhá thaobh Shrúth na Maoile.

Tá 3,583 dálta ag fáil a gcuid oideachais trí mhéan na Gàidhlig in Albain. Os cionn 700 acu sin atá lonnaithe i nGlaschú. Tá an figiúr seo ar an leibhéal is airde ó ghlac Parlaimint na hAlban le hAcht na Gàidhlig i 2005.

Tá corradh le 11,350 dalta ag fáil oideachais de chinéal éigin i nGàidhlig. Is ionann seo agus 1.7% de dhaonra na hAlban; tá seo níos mó ná líon cainteoirí na teanga (1.1%), de réir dhaonaireamh 2011.

Seo chugaibh léargas ar oideachas na Gàidhlig i gcathair Ghlaschú agus ar na buanna agus dúshláin atá os comhair na hearnála in Albain…

Súil ar Ghlaschú
Close
Close