Na mílte ar shráideanna Bhéal Feirste don stailc aeráide


Ghlac na mílte duine seilbh ar shráideanna Bhéal Feirste Dé hAoine seo caite mar chuid de léirsiú faoin ghéarchéim aeráide.

Léirsiú dáite, lán daoine óga a bhí ann a bhailigh ar dtús ag Margadh an Arbhair agus a shiúil ansin go Halla na Cathrach.

Shiúil daoine óga amach as a seomraí ranga agus d'fhág daoine fásta a n-áiteanna oibre fud fad na cathrach chun páirt a ghlacadh sa stailc aeráide. Bhí daoine ar fud na cruinne spreagtha ag an ghníomhaí óg timpeallacha Greta Thunberg a chur tús lena stailc aeráide féin anuraidh. 

Ghlac 185 tír páirt sa stailc i ngach cearn den domhan. Cé go raibh lucht eagraithe an léirsithe i mBéal Feirste ag súil le idir 300 agus 400 duine, dúirt siad gur bhailigh timpeall 4,000 duine le chéile ar an lá. D'impigh an slua ar pholaiteoirí agus orthu siúd i gcumhacht tuilleadh a dhéanamh chun stop a chur leis an ghéarchéim aeráide.

Bhí Meon Eile i lár na stailce aeráide agus seo mar a thit cúrsaí amach...

Close
Close