Muintir Dhún na nGall in éadan ciorruithe ar NowDoc

500 duine a bhí i mbun agóide i Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine, lena gcuid imní agus míshástachta a léiriú faoi chiorruithe ar an tseirbhís NowDoc.

Le seachtain anuas níl dochtúir ar bith ar dualgas sna hionad NowDoc i nGaoth Dobhair ná i gCarn Domhnach, mar gheall ar thriail coicíse atá ar siúl ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Má tá cóir leighis de dhíth ar daoine sna ceantair sin san oíche tá orthu gabháil chomh fhad le hOtharlann Leitir Ceanainn nó fanacht go dtiocfaidh doctúir a fhad leofa.

Faoin athstruchtúr úr seo tá beirt dochtúirí ag obair as otharlann Leitir Ceanainn ag clúdach an cheantair ar fad idir droichead Ghaoth Beara agus Inis Eoghain.

Tugadh le fios ag an agóid go gcuirfear beatha daoine i mbaol má leantar le ciorruithe ar sheirbhís sláinte NowDoc i nDún na nGall.

Muintir Dhún na nGall in éadan ciorruithe ar NowDoc

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh siad “go fóill tiomanta i dtaobh seirbhís ar ardchaighdéan a chur ar fáil don phobal, ach go raibh an triail coicise seo mar chuid den phróiseas athbhreithnithe atá á dhéanamh acu ar an tseirbhís faoi láthair”.

Dúirt siad fosta go bhfuil siad “ag obair le lucht CareDoc agus na dochtúirí agus go mbeidh ar phríomhdhochtúir Care Doc moltaí a dhéanamh faoi athruithe ar bith a bhéas le déanamh ar sheirbhís NowDoc roimh dheireadh na míosa”.

Close
Close