Mórshiúl in ómós do Lyra McKee

Ar an 18 Aibreán 2019 scaoileadh marbh iriseoir óg as Béal Feirste, Lyra McKee, ar shráideanna Dhoire agus í i mbun a cuid oibre.

Ba dhúnmharú é a tharla i measc tranglam buamaí peitril a caitheadh le linn círéibe a thosaigh i ndiaidh do na péas ruathar a dhéanamh ar thithe sa cheantar.

Rinne ceannairí na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa comhbhrón le muintir Lyra agus tháinig na sluaite amach i mBéal Feirste agus in áiteanna eile chun a dtacaíocht a léiriú dá teaghlach.

Scríobh Lyra go leor faoi oidhreacht na dTrioblóidí ó thuaidh agus spreag a bás anabaí tuilleadh plé faoin cheist.

Ar na bealaí éagsúla atá daoine ag cur in éadan an fhoréigin ó shin tá feachtas leathan a úsáideann an mana 'Not in our name'.

An tseachtain seo bhain mórshiúl in ómós Lyra Doire amach, trí lá tar éis do na céadta Béal Feirste a fhágáil, agus líonadh príomhchearnóg na cathrach le sluaite ó chóngar agus ó chéin.

Thug daoine éagsúla a raibh aithne acu ar Lyra óráidí ag an cheann scríbe agus bhí ceol ann ó cheoltóirí áitiúla, Gary Lightbody ón mhórghúpa 'Snow Patrol' ina measc.

Léiriú láidir a bhí ann ar spiorad na síochána nach bhfuil ag iarraidh filleadh ar laethanta an fhoréigin agus comhartha cinnte nach ndéanfar dearmad ar shaol Lyra.

Close
Close