Mórshiúl ar son na Palaistíne i mBéal Feirste

Bhailigh na sluaite le chéile i gCathair Bhéal Feirste Dé Sathairn le haghaidh mórshiúl ar son na Palaistíne, an chéad cheann den bhliain nua. I ndiaidh níos mó ná 15 mhí d'ionsaithe, deir Roinn Sláinte na Palaistíne go bhfuil breis agus 46,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael agus go bhfuil na mílte corp go fóill faoin smionagar.

Thosaigh an léirsiú ag Cearnóg na Scríbhneoirí, áit ar bhuail na rothaithe leo a bhí ag glacadh páirt sa 'Big Ride for Palestine' ar an lá céanna chomh maith. Chuaigh an mórshiúl a fhad le Halla Cathrach, áit ar labhair roinnt cainteoirí faoin slad in Gaza.

Tá breis agus 1,000 oibrí sláinte maraithe ag fórsaí Iosrael ón 7 Deireadh Fómhair 2023. Dhírigh an léirsiú ar an Dr. Hussam Abu Safiya, stiúrthóir ospidéal Kamal Adwan i gceantar Beit Lahia, Gaza Thuaidh. Ag deireadh mhí na Nollag 2024, thug arm Iosrael ruathar faoin ospidéal agus gabhadh an Dr. Hussam. Tá sé á choinneáil ag fórsaí Iosrael ó shin agus gan fios ag éinne cá bhfuil sé faoi láthair. I mí Dheireadh Fómhair 2023, i rith ionsaí eile ar an otharlann chéanna, maraíodh mac Abu Safiya, a bhí 15 bliana d'aois. Chonacthas an Dr. Hussam Abu Safiya ag an am agus é i mbun paidreacha tórraimh in ómós dá mhac.

Bhí réimse maith grúpaí dlúthpháirtíochta i láthair Dé Sathairn: Trade Union Friends of Palestine, Palestinian Community NI, Gaels Against Genocide in Gaza, Artists Against Genocide, Jews for Palestine Ireland, I.P.S.C Belfast, Mothers Against Genocide, Irish Health Care Workers for Palestine, Teachers for Palestine, Kairos Ireland, Queerde Palestine, Hunger for Justice Palestine agus Cairde Palestine.

Labhair Meon Eile le Somhairle Mag Uidhir, gníomhaí agus sóisialaí as Béal Feirste, a thug léargas ar chás na Palaistíne faoi láthair agus ar an tábhacht a bhaineann le feachtasaíocht leanúnach ar an talamh ar bhonn áitiúil.

Close
Close