Meabhairshláinte na bhfear á phlé sa scioból

Scioból na bhfear

Is beag difear idir líon na bhféinmháruithe ó thuaidh ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta agus líon na ndúnmháruithe a rinneadh le linn na dtrioblóidí.

Fir iad 77% dóibh siúd a chuir lámh ina mbás féin sa tuaisceart idir 1998 agus 2013.

Meastar gur maraíodh timpeall 3,600 le linn na dtrioblóidí. Léiríonn taighde ó ‘The Detail’ gur cláraíodh 3,288 féinmharú idir 1998 agus 2013.

Tá an t-eagras ’Men’s Sheds’ ag iarraidh dul i ngleic leis an fhadhb agus meabhairshláinte na bhfear á phlé go hoscailte acu i measc pobail éagsúla mórthimpeall na cúige.

Ós cionn 40 craobh atá lonnaithe i gcúige Uladh anois, iad ag cloí leis an mhana: “Men don’t talk face to face – they talk shoulder to shoulder.”

Thug Meon Eile cuairt ar chraobh Ard Mhacha, labhair baill an ghrúpa linn faoi thionchar na heagraíochta ar a meabhairshláinte agus a saol laethúil.

Cuireadh tús leis an eagraíocht san Astráil chun freastail a dhéanamh ar an easpa seirbhísí meabhairshláinte ar bhealach neamhfhoirmeálta.

Chinn bunaitheoirí ’Men’s Sheds’ go bhféadfadh dúlagar a laghdú dá gcuirfí imeachtaí cruthaitheacha neamhfhoirmeálta ar fáil d’fhir ina bpobail féin.

Tá craobhacha ag an eagras anois mórthimpeall na cruinne agus 140 acu in Éirinn inniu.

Close
Close