Míolta móra fágtha le bás a fháil i dTír Chonaill

Tá dhá mhíol mór fós beo ar thrá Bhaile an Easa san Fhál Charrach gan rompu anois ach an bás.

13 míol mór a tháinig i dtír ar an trá i dTír Chonaill maidin Dé Luain, cúigear acu a bhí marbh ar an láthair.

Rinne an pobal áitiúil iarracht an t-ochtar eile a chur chun farraige ach d’fhill seachtar acu ar ais chun an chladaigh oíche Mháirt. Bhásaigh triúr dóibh siúd inné.

As an cheathrar a bhí fágtha, cuireadh péire acu chun uisce arís inné agus fágadh an bheirt eile le bás a fháil.

Bhí Meon Eile i láthair an phobail ar an trá i gcaitheamh na seachtaine…

Míolta móra fágtha le bás a fháil i dTír Chonaill 

Dúirt an tÚdarás áitiúil nach raibh aon ghníomh ann a shábhálfadh beatha na míolta móra agus iad ar tír.

Rinneadh iarracht na míolta móra marbha a bhogadh le tochaltóirí. Bhí scórtha daoine ón phobal áitiúil, an Garda Cósta agus an Garda Síochana ar láthair na tráigh le roinnt laethanta.

Tuigtear gurb é seo an 13ú iarraidh gur tháinig míolta móra ar tír i dTír Chonaill i mbliana agus an dara huair go raibh siad fós beo agus an trá bainte amach acu.

Close
Close