Méadú ar líon na n-ainmhithe i dtearmainn

Is in 1997 a bunaíodh an Assisi Animal Sanctuary i mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin, agus tá sé anois ar an charthánacht neamhspleách is mó sa Tuaisceart atá dírithe ar leas ainmhithe.

Tarrthálann an tearmann níos mó ná 2,000 ainmhí gach bliain agus bíonn thart ar 200 ainmhí éagsúil acu ag am ar bith, idir mhadraí, chait agus mhamaigh bheaga.

De réir Connie Gilmore, Bainisteoir an tearmainn, tháinig níos mó 35 ainmhí ó bhí mí na Nollag ann, rud a tharlaíonn go minic an tráth seo bliana.

Thug Meon Eile cuairt ar Assisi agus labhair muid le Clíodhna Ní Labhraí, oibrí deonach a d’inis dúinn faoin obair atá i gceist le cúram a thabhairt do na hainmhithe uilig atá acu. Dúirt Clíodhna fosta faoin fhadbh atá ann le daoine ag fáil ainmhithe mar bronntanas gan taighde nó ullmhúchán ceart a dhéanamh orthu, rud a chuireann go mór leis an mhéid ainmhithe atá sna tearmainn.

Chomh maith leis sin thug Clíodhna comhairle do dhuine ar bith atá ag iarraidh peata a fháil: déan do chuid taighde roimh ré agus bí ullmhaithe!

Thig leat níos mó a fháil amach faoi Assisi anseo 

Close
Close