Leoraithe imithe ón Iúr chuig Calais na Fraince

Leoraithe imithe ón Iúr chuig Calais na Fraince

Maíonn na Naisiúin Aontaithe go mbeidh méadú as cuimse ar na sluaite teifeach atá ag triall chun na Eorpa mura gcríochnaíonn an cogadh cathartha sa tSiria láithreach bonn. Bheadh an duine ba dhéine corraithe le híomhanna na ndaoine atá sáinnithe idir muir agus tír ar a mbealach chun na hEorpa.

Os cionn 8,000 duine atá ag tarraingt ar an Eoraip gach lá. Tá an tAontas Eorpach i mbun pleanála athlonnaithe do 120,000, níos lú ná ceathrú cuid daofa siúd atá imithe, de réir na Náisiúin Aontaithe. Tá sé ráite ag Rialtas na hÉireann go mbeidh 4,000 duine acu siúd á athlonnú in Éirinn.

In ainneoin na gruaime, tá gaiscíochtaí carthanachta á dhéanamh i mbailte fud fad na tíre, Iúr Cinn Trá san áireamh.

Tháinig scoileanna agus grúpaí pobail le chéile chun earraí a bhailiú daofa siúd atá sáinnithe i gCalais na Fraince maidin Dé Sathairn agus cuireadh dhá leoraí lán d’earraí ó Scoil Naomh Iósaf ar an Iúr i dtreo na Fraince.

Bhí Meon Eile ina measc scoilphobal na háite agus iad i mbun oibre agus labhair muid leofa faoina léamh ar fháiltiú na dteifeach…

Ag bailiú earraí do theifigh atá sáinithe
Close
Close