Bhailigh na sluaite le chéile ag Halla na Cathrach, Béal Feirste, Dé Domhnaigh chun seasamh in éadan an chiníochais sa chathair. D'fhreastail breis agus 130 eagraíocht ar an léirsiú chomh maith le neart baill eile den phobal.
Bhí léirsiú frithinimirce ar siúl ag Halla na Cathrach ag an am céanna ach níor chur sin isteach ar an atmaisféar dearfach cairdiúil a chothaigh United Against Racism, an grúpa a d'eagraigh an t-imeacht. Cuireadh léirsiú ar son na cúise céanna ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn chomh maith.
Labhair Meon Eile le roinnt daoine a bhí i láthair faoin tábhacht le feachtasaíocht agus le feasacht agus oideachas a scaipeadh ar an ábhar.