Léirsiú ar son comharthaíocht dhátheangach ag Ollscoil na Banríona

Bhailigh slua le chéile ag geataí Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Dé Céadaoin seo caite le haghaidh léirsiú ar son comharthaíocht dhátheangach ar champas na hollscoile.

Bhí an léirsiú seo mar chuid de shraith gníomhartha ar thug Eoghan Ó Conghaile agus Josh Mac Oitir, baill de Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona, fúithi ar na mallaibh. Thosaigh siad le comhairliúchán ar glacadh os cionn míle síniú ar son na comharthaíochta dátheangaí (idir Ghaeilge agus Bhéarla) lena linn. Sheol siad litir ansin chuig bainistíocht na hollscoile chun cruinniú a shocrú agus a n-éilimh a phlé.

Is iad na héilimh sin ná go gcrochfaí comharthaí dátheangacha ar champas na hollscoile agus go mbeadh comharthaíocht sráide dhátheangach le feiceáil ar na sráideanna, ar nós Chearnóg na hOllscoile, a bhfuil an-láithreacht ag an ollscoil orthu. 

Ó shin, d'eisigh an Cumann Gaelach ráiteas le fógairt nár éirigh leo na spriocanna a bhaint amach sa chruinniú sin agus go ndúradh leo "go mbeadh comharthaí fisiceacha dátheangacha neamh-inbhuanaithe".

Labhair Meon Eile le hEoghan agus le Josh faoin fheachtas seo atá ar bun acu. Chomh maith leis seo, d'inis Eoghan dúinn faoi Rosinaldo, fear ón phobal Munduruku (treibh bhundúchasach de chuid na hAmasóine) sa Bhrasaíl, a tháinig chuig an léirsiú le tacú leis an fheachtas agus lena scéal féin a roinnt.

Labhair muid fosta le hEimear Nic Ionnrachtaigh, iarbhall den Chumann Gaelach a chaith tréimhse mar Oifigeach Feachtasaíochta an Chumainn, faoi stair an fheachtais agus faoin tábhacht a bhaineann leis.

Close
Close