Léarscáil nua de logainmneacha Bhéal Feirste

Bhailigh slua mór le chéile ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar na mallaibh agus léarscáil nua á seoladh de logainmneacha Gaeilge na cathrach. Le cúpla bliain anuas tá Gordon McCoy ag obair ar A Gaelic Map of Belfast agus é i mbun taighde ar na seanlogainmneacha ó cheantair éagsúla Bhéal Feirste. 

Tá torthaí an togra seo, a bhí maoinithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, anois le feiceáil mar léarscáil álainn atá ar fáil i Halla na Cathrach féin, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus áiteanna eile nach iad. Tugtar léargas iontach ar na seanlogainmneacha a bhí ann agus tá rian na Gaeilge ar na logainmneacha le feiceáil go han-soiléir.

Bhí ról ar leith ag Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann de chuid Ollscoil na Banríona i gcur le chéile na léarscáile agus taighde luachmhar déanta le blianta ag an fhoireann ansin ar an stair atá bainteach le logainmneacha agus bailte fearainn an tuaiscirt.

Is é an t-ealaíontóir Andrew Whitson a dhear an léarscáil agus a chuir beocht sna logainmneacha áitiúla lena chuid íomhánna áille. Labhair Meon Eile le hAndrew agus Gordon, chomh maith le hOifigeach Gaeilge na Comhairle Colm McGuigan, agus le Proinséas Ní Chatháin ón Tionscadal Logainmneacha, ag an seoladh oifigiúil a thit amach mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. 

Close
Close