Lá Dearg na Mac Léinn i gCathair na Gaillimhe

D'eagraigh mic léinn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An Dream Dearg agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn 'Lá Dearg na Mac Léinn' i nGaillimh Dé Sathairn seo caite.

Bhailigh mic léinn ó achan chearn den tír i gCearnóg na hOllscoile le haghaidh an léirsithe teanga seo agus rinne a mbealach ansin trí chathair na Gaillimhe.

Príomh-theachtaireacht agus éileamh an mhórshiúil ná cur ina luí ar an rialtais go bhfuil níos mó deiseanna de dhíth ar mhuintir óg na Gaeilge. Deiseanna fostaíochta, deiseanna sóisialta agus deiseanna a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Dhírigh an lérisiú go mór ar dhream óg na Gaeltachta, ar dhaoine óga gur gá daofa dul ar imirce. 

Ba ar chúrsaí ó thuaidh chomh maith a dhírigh lucht eagraithe Lá Dearg na Mac Léinn.

Bhí an tAcht Gaeilge agus feachtais ar nós feachtas comharthaíochta Gaeilge in Ollscoil na Banríona mar thosaíochtaí i measc éilimh na mac léinn.

Ba i bhFaiche Mhór na Gaillimhe a chríochnaigh an mórshiúl agus ba ann a labhair roinnt mac léinn go spreagúil agus go spleodrach.

Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le cuid acu sin a ghlac páirt.

Close
Close