Líofa ag lorg 10,000 foghlaimeoir

Líofa ag lorg 10,000 foghlaimeoir

D’fhógair Líofa go bhfuil clárú 10,000 cainteoir úra Gaeilge mar sprioc anois acu faoi dheireadh 2015. Os cionn 5,000 duine atá cláraithe le feachtas na Roinne Cultúr, Ealaíon agus Foilíochta faoi láthair.

Tugadh an mhéid seo le fios ag oíche cheoil agus siamsaíochta a heagraíodh i Stormont mar ócáid chlabhsúir Sheachtain na Gaeilge.

Chuir an tAire Carál Ní Chuilín fáilte roimh an tslua, agus i measc na gceoltóirí bhí Nodlaig Brolly agus Scoil Ruaidhrí Dall, Brian Mullen agus JJ Ó Dochartaigh le hamhrán nua chumtha d’fheachtas Líofa.

Líofa 2015 ag druidim Seachtain na Gaeilge le "Ceiliúradh Ceoil"

Tá Líofa ag dul ó neart go neart ó bunaíodh í sa bhliain 2011. Ba é clárú 1,000 foghlaimeoir tús sprioc an fheachtais.

Táthar anois ag meas go bhfuil beagnach 6,000 duine cláraithe, agus tá an sprioc anois ardaithe acu go 10,000.

Is féidir cur leis seo go fóill agus clárú ar shuíomh Líofa chun “gealltanas pearsanta a thabhairt go gcuirfidh tú snas ar do chuid Gaeilge agus go mbainfidh tú úsáid aisti le dul i dtreo na líofachta faoin bhliain 2015.”

Seo chugaibh “Líofa le Chéile” le JJ Ó Dochartaigh ina hiomlán…

JJ Ó Dochartaigh - "Líofa le Chéile"
Close
Close