Léacht Bhliantúil Harry Holland - Sléacht Bhaile Uí Mhurchú

Léacht Bhliantúil Harry Holland - Sléacht Bhaile Uí Mhurchú

Thug an tOllamh Coireolaíochta in Ollscoil na Banríona, Phil Scraton, Léacht Bhliantúil Harry Holland le linn Fhéile na Carraige in Uachtar Chluanaí, Béal Feirste ar na mallaibh.

B’athair clainne, grósaeir glasraí agus gníomhaí pobail as Iarthar Bhéal Feirste é Harry Holland a dúnmharaíodh in 2007.

D’amharc Phil Scraton ar mhúnla Hillsborough mar chreatlach d’imscrúdú ar shléacht Bhaile Uí Mhurchú nuair a scaoil arm na Breataine 11 duine i bpobal Baile Uí Mhurchú idir 9 – 11 Lúnasa 1971.

Tá coiste bunaithe ag teaghlaigh na marbh agus táthar ag lorg aitheantais ó Rialtas Shasana ag deimhniú gur dhaoine neamhchiontacha iad siúd ar mharaigh an t-arm iad.

Tá na teaghlaigh ag iarraidh go ndéanfaidh Rialtas Londan painéal neamhspleách a bhunú le scrúdú a dhéanamh ar shléacht Bhaile Uí Mhurchú mar a rinneadh le sléacht Hillsborough.

D’fhreastail Meon Eile ar an léacht bhliantúil agus d’fhiosraigh muid an obair atá idir lámha ag teaghlaigh na marbh le haitheantas a bhaint amach dá muintir.

Léacht Harry Holland
Close
Close