Iontaobhas Ultach ag druidim a ndoirse i ndiaidh 24 bliain

Iontaobhas Ultach ag druidim a ndoirse i ndiaidh 24 bliain

Tráthnóna Dé hAoine a dhruid foireann Iontaobhas Ultach doirse na heagraíochta don uair dheireanach.

Chuir an tIontaobhas críoch lena gcuid oibre siocair chailliúint a mbunmhaoinithe le linn athstruchtúrú na n-eagras Gaeilge níos luaithe i mbliana. Ceathrar fostaí a scaoilfear chun bealaigh.

Óna mbunú siar sa bhliain 1989, tá lorg Iontaobhas Ultach fágtha ar an Ghaeloideachas ó thuaidh, ar áiseanna foghlama (leithéidí Now You’re Talking), obair thrasphobail, bunú na Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus maoiniú fiontar teanga.

Tháinig go leor drochphoiblíochta i dtreo an Iontaobhais ina luathlaethanta agus ceisteanna ardaithe ag baill Shinn Féin faoin eagraíocht Ghaeilge seo a bhí á maoiniú ag Rialtas na Breataine.

Tá stádas carthanachta ag an eagras, rud a chiallaíonn go mbeidh ar na caipéisí oibre uilig a bheith ar taifead go ceann seacht mbliana. Tuigtear go mbeidh fáil ar na caipéisí in oifig na dtaifead i mBéal Feirste go luath.

Labhair Meon Eile le Stiúrthóir Iontaobhas Ultach, Aodán Mac Póilin, faoi obair na carthannachta i gcaitheamh na mblianta agus faoin méid atá ann i ndán anois do na fostaithe.

Iontaobhas Ultach
Close
Close