Íocfar £2,000 do mhic léinn atá ar shocrúchán cliniciúil le linn na paindéime

D'fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann go n-íocfar £2,000 do mhic léinn atá ar shocrúcháin chliniciúla le linn na paindéime.

Gheobhaidh na mic léinn seo íocaíocht chnapshuime £2,000 mar luach saothair as bheith ag obair go lánaimseartha i suíomhanna cliniciúla le linn na paindéime gan aon tuarastal a fháil. Bhí na mílte mac léinn ag obair go dian ó mhaidin go hoíche leis na seirbhísí sláinte chun aire a thabhairt do dhaoine leochaileacha le linn na paindéime agus níl aon amhras ach go bhfuil an íocaíocht tuillte go maith acu.

Labhair Meon Eile le Katie Ní Chléire, an tOifigeach Leasa in Ollscoil na Banríona, faoin obair a rinneadh leis an éacht seo a bhaint amach.

Fograíodh ar na mallaibh chomh maith go n-íocfar £500 sa bhreis dár n-altraí mar chúiteamh ar a gcuid oibre le linn na tréimhse corraithí seo.

Close
Close