I bhfad ó bhaile: Tionchar COVID-19 i Londain


Agus na mílte Gael ina gcónaí thar lear, labhraíonn Meon Eile leis an diaspóra faoi thiochar COVID-19 ar shaol an uile lae ar fud an domhain agus faoin dóigh a mothaíonn siad agus iad i bhfad ó bhaile sa tréimhse chorraitheach seo ina bhfuil muid.

Tá Seán Céitinn, arb as Iarthar Bhéal Feirste ó dhúchas dó, ag cur faoi i bpríomhchathair Shasana, áit a bhfuil cúig bliana caite aige ag obair mar mhúinteoir bunscoile. Anois agus na scoileanna druidte fud fad an domhain, tá níos mó am saor ag Seán. Bíonn sé ag rith achan mhaidin i lár na cathrach agus tógann sé muid amach leis chun Londain a fheiceáil agus í tréigthe.

Labhraíonn Seán linn faoi na beartais chosanta atá curtha i bhfeidhm i Londain chun an cuar a chothromú faoi dheireadh agus an dóigh a raibh Rialtas na hÉireann chun tosaigh leis an chinneadh seo a thógáil.

Close
Close