Gradam Gnó le Gaeilge bronnta ar Theach Uí Cheallaigh

Bronnadh Gradam Gnó le Gaeilge Bhéal Feirste ar theach tábhairne Uí Cheallaigh, nó Kelly’s Cellars, ag ócáid i Stormont ar na mallaibh.

Tá Gradam Gnó Bhéal Feirste ar an fhód le naoi mbliana anuas, seo an darna bliain ar bronnadh aitheantas ar ghnó sa chathair as a gcuid seirbhísí Gaeilge.

Ceithre ghnó a bhí ar an ghearrliosta don ghradam, ina measc; Newhill First Steps – Ionad Cúram Leanaí, Comhairleoirí Réadmhaoine McCallin Carr, Michael Flanigan Dlíadóir, agus Tí Kelly.

Is iad Foras na Gaeilge a rinne urraíocht ar na gradaim atá á gcur ar fáil ag Grúpa Meán Bhéal Feirste.

Tá maoiniú á fáil ag Teach Uí Cheallaigh ó Fhoras na Gaeilge ó 2005 le fograíocht dhátheangach a chur ar taispeáint ina mbeár.

Deir an teach leanna go bhfuil deichniúr fostaithe acu agus go bhfuil Gaeilge líofa ag ochtar acu sin. Bunaithe in 1720, tá an teach tábhairne ar an cheann is sine i gcathair Bhéal Feirste.

Gnó le Gaeilge
Close
Close