Bronnadh Gradam Raidió Fáilte ar Mháirín Hurndall ar na mallaibh mar aitheantas ar an obair mhór atá déanta aici leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is ar mhná amháin a bhronntar an duais a bunaíodh anuraidh nuair a bronnadh í ar Mháire Nic Fhionnachtaigh. Luaigh Máire obair Mháirín ina hóráid an lá sin.
Is craoltóir agus múinteoir í Máirín Hurndall a chuireann spéis ar leith sna teangacha Ceilteacha agus sa dóigh ar féidir iad a úsáid le daoine a tharraingt le chéile. Tá suim mhór aici sa chraoltóireacht mar mhodh cumarsáide chomh maith.
Tá Máirín ag obair le Raidió Fáilte le blianta anois agus bíonn sí le cluinstin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta fosta. Ghabh sí buíochas le cuid de na daoine a thug deiseanna di thar na blianta, Fergus Ó hÍr, Cillian Breathnach, Eoghan Ó Néill, agus Máire Nic Fhionnachtaigh ina measc.
Bhí foirgneamh Raidió Fáilte lán go doras chun éacht Mháirín a cheiliúradh. Is í an craoltóir aitheanta as Conamara Máirín Ní Ghadhra a bhronn an gradam.