Is gnó teaghlaigh é Caifé Kitty atá suite i nGaoth Dobhair, Dún na nGall. D’oscail siad don chéad uair sa bhliain 2012 agus ó shin tá siad aitheanta thart an chontae mar bialann a chuireann fáilte roimh chách agus bia blasta ar fáil.
I mbliana, bhain foireann Caifé Kitty Gradaim Gnó na hÉireann amach ó Glór na nGael. Is mar gheall ar ‘Comharthaíocht, Margaíocht agus Seirbhís trí Ghaeilge’ a bhain siad an ghradaim.
Thug Meon Eile cuairt ar Chaifé Kitty agus labhair muid le Fionnuala Ní Ghallachóir. D’inis Fionnuala dúinn faoin stair fada a théann tríd na glúintí i teaghlach s’aici le bheith mar pháirt de gnó teaghlaigh, go háirithe ag baint leis an bhia.
Tá foireann Caifé Kitty iontach buíoch fosta as an Ghradaim Gnó, agus iad i gcónaí ag tabhairt seirbhís trí Ghaeilge an bhlian ar fad do ghach custaiméir.