Thug an grúpa hip-hop Kneecap cuairt ar Ghlór na Móna, atá suite ar Bhóthar na Carraige Báine in Iarthar Bhéal Feirste, inné chun níos mó ná £7,000 a bhronnadh ar fheachtas nua GoFundMe de chuid na heagraíochta.
Is mian le Glór na Móna foirgneamh nua darb ainm ‘Croí na Carraige’ a thógáil ar an suíomh. Tá maoiniú £1 mhilliún faighte ag an togra cheana féin ach £1.6 milliún an costas a bhaineann leis an chéad chéim eile de.
Mar gheall go bhfuil an t-éileamh ar sheirbhisí s’acu ag dul i méid go gasta, tá níos mó spáis agus áiseanna de dhíth orthu agus iad ag reachtáil imeachtaí ar nós club óige agus ranganna Gaeilge go rialta.
Labhair Meon Eile leis an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh atá ina Stiúrthóir ar Ghlór na Móna agus mhínigh sé go mbeidh an mol nua pobail seo thar a bheith luachmhar, ní hamháin do Ghaeilgeorí ach do mhuintir na Carraige Báine uilig.
D’inis Liam Óg Ó hAnnaidh, nó ‘Mo Chara’ mar is fearr aithne air, dúinn go bhfuil ceangal pearsanta aige le Glór na Móna nó bhí sé ar dhuine de na céad daoine a d’fhreastail ar Chlub Óige Glór na Móna. Bhí sé fostaithe leo fosta ar feadh tamaill.
Dá mba mhaith leat síntiús a thabhairt don togra seo, thig leat dul chuig GoFundMe Glór na Móna anseo.